Siúlóid: Bothúna – Seanamhóinín – Sailethúna

Am: Idir 1½ agus 2 uair an chloig

Fad: Thart ar 7km

Grád: Measartha

Siúlóid Bothúna go Sailethúna

A. Ar fhágáil an Spidéil duit, lean ort 350m siar ar an gcosán ar thaobh na láimhe deise den bhóthar, thar an droichead, taobh le ballaí cloiche agus gáirdíní bláthmhara coillteacha Spiddal House.

B. Cas ar dheis ag an gcrosaire, suas bóthar Bhothúna. Deirtear go dtagann an t-ainm ó bhothán nó teach beag a bhí ag bean darbh ainm Úna nó Chúna, nó ó ‘Bhothán an Chaonaigh’. Lean ar aghaidh ar an mbóthar seo go ceann 1.8km (nó 20-30 nóiméad) i dtreo Sheanamhóinín.

C. De réir mar bhíonn tú ag dul suas in aghaidh na n-ard fágann tú baile Bhothúna i do dhiaidh agus tá tú ag déanamh ar Sheanamhóinín. Tá an talamh ar thaobh na láimhe deise ag rith síos go dti gleann Abhainn Bholuisce. Ag imeacht thar an teach le díon uaithne sna coillte, cas ar thaobh do láimhe clé go dtí an bóthar garbh agus lean ar aghaidh go dtí an crosaire T (l.2km nó 15 nóiméad). Más fearr leat siúlóid níos giorra, tóg an chéad chasadh ar chlé.

D. Ón bpointe seo is féidir Ciarraí a fheiceáil, ach an léargas a bheith an-mhaith. Mullach Chnoc Bréanainn atá ann, 950m ar airde, 130km ó bhaile, ar Leithinis Chorca Dhuibhne. Cas ar chlé chun dul síos ar an bpríomhbhóthar (1.7km nó 20 nóiméad), ag siúl thar fhothracha seantithe i gceantar coillteach – iarsma den bhaile a bhí ann tráth. Nuair a shroicheann tú an príomhbhóthar, cas ar chlé agus lean an cosán isteach go sráidbhaile an Spidéil (1.9km nó 23 nóiméad).

 

Stair

Baile beag bríomhar é An Spidéal a d’fhás suas ar bhruach Loch Lurgan, mar a thugtaí ar Chuan na Gaillimhe sa tseanaimsir, san áit a dtéann Abhainn Bholuisce i bhfarraige. De réir an tseanchais, fuair an baile a ainm ón oispís nó ospidéal a bhunaigh na ‘Knights Hospitalier’ ar an gCré Dhubh do na daoine tinne a d’fhill abhaile ó na Crosáidí. Sa mbliain 1684 scríobh Ruairí Ó Flatharta, a raibh cónaí air sa bPáirc taobh thoir de shráidbhaile an Spidéil, faoin mainistir a tógadh ‘ar an mbarr láin’. Scriosadh an mhainistir ina dhiaidh sin le linn An Leasaithe Chreidimh.

Ba ar an bhfarraige a tharraingíodh an chuid is mó den trácht ar shráidbhaile an Spidéil fadó, toisc nach raibh de bhóthar idir an sráidbhaile agus baile mór na Gaillimhe ach cosán asail. Tharraing tógáil an droichid ar Abhainn Bholuisce sa mbliain 1679 an oiread sin cainte go dtugann muintir na háite ‘Baile an Droichid’ ar an Spidéal go dtí an lá inníu féin. Ba iad na Muirisigh a thug aitheantas agus oiread áirithe saibhris chuig an Spidéal nuair a thóg Martin Morris, an chéad Ard-Sirriam caitiliceach ó aimsir na bpéindlithe, Bohoona Lodge i dtús an naoú céad déag. Rinneadh Tiarna Ard-Bhreitheamh dá mhac Michael sa mbliain 1887 agus bronnadh an teideal ‘Lord Morris’ air sa mbliain chéanna, agus ‘Lord Killannin’ sa mbliain 1900. D’fhilleadh sé féin, a bhean agus a chlann ar ais ar an Spidéal chuile bhliain le linn don chúirt a bheith ina suí agus thagadh borradh agus beocht sa ‘Teach Mór’ arist. I measc na gcuairteoirí a bhíodh go minic aige bhi Arthur Balfour agus Lady Gregory.

Chruthaigh an plódú daoine isteach ar An Spidéal le linn blianta an Ghorta (mar gheall ar bhia-mara a bheith flúirseach in aimsir an ghátair, is dócha) cruatan do na daoine, ni hé amháin le linn an Ghorta féin, ach ina dhiaidh aniar i rith an chuid eile den chéad. Nuair a bunaíodh scoil cheirde phrotastúnach, a raibh sé mar aidhm aici ógánaigh an cheantair a iompú chun Protastúnachais, sa mbliain 1853, tugadh oiliúint do chéad dílleachta i bhfíodóireacht agus i gceirdeanna úsáideacha eile. Thóg an chléir agus an pobal áitiúil an oiread sin raice gurbh éigean don fhear ónar ceannaíodh an suíomh, an áit a fhágáil agus a shlí bheatha a dhéanamh san Astráil. ldir na blianta 1867 agus 1871 chuir Michael Morris céibh nua dá déanadh ar chostas £8,000, rud a chuir obair ar fáil do chuid de na daoine ocracha.

Osclaíodh an chéad scoil sa Spidéal sa mbliain 1844, an bhliain chéanna ar tógadh an chéad bhearaic póilíní ar shuíomh ‘Tí Fhatharta’ sa sráidbhaile, áit a dtugtaí ‘Peeler Row’ air. Sa mbliain dár gcionn tógadh Stáisiún Gardaí Cósta ar an láthair a bhfuil Scoil na gCailíní tógtha anois. Tógadh séipéal Chill Éinde ar chostas £6,000 sa mbliain 1908. Ba é William Scott a dhearaigh é. Tógadh Cill Éinde in ionad an tseanséipéil a bhí suite ar chúl an tsuíomh ina bhfuil Cill Éinde inniu. Tógadh an seanséipéal sin in ionad an tséipéil ceanntuí a bhi san áit a bhfuil an ‘Bridge House Hotel’ inniu. Deirtí go raibh an séipéal sin chomh beag go mbíodh ar líon mór daoine éisteacht leis an aifreann istigh i lár na cisteanaigh tí Eoin Neachtain béal dorais! Cuireadh tarra ar ‘Bhóthar an Rí’ as Gaillimh amach sa mbliain 1930 faoi dheireadh, rud a d’fhág nach raibh an Spidéal ach turas deas cairr as Cathair na Gaillimhe. Chuidigh sé seo le forbairt an Spidéil mar shráidbhaile turasóireachta a bhfuil an oiread sin tóir ag turasóirí anois air.