Siúlóid – Clochar na gCon
Siúlóid I – Clochar na gCon
Am: 2 – 2½ uair an chloig
Fad: 9km
Grád: Measartha
Siúlóid II – Siúlóid Cladaigh
Am: 1¾ – 2 uair
Fad: 7km
Siúlóid I agus II le chéile
Am: 3 – 3½ uair
Fad: 12½km
Siúlóid I
A. Tosaigh ag Teach Ósta an Phoitín Stil agus siúl siar 300m. Cas ar thaobh do láimhe deise ag an gcéad bhóithrín – seo Clochar na gCon.
B. Nuair a bheas 2km siúlta agat agus tú imithe thar Loch Chearra tiocfaidh tú ar ghabhal V. Lean an bóthar ar chlé.
C. Nuair a bheas leath cileméadair curtha díot agat suas in aghaidh ardán beag, sroichfidh tú pointe atá 80m os cionn leibhéal na mara. Beidh sár-radharc agat ón bpointe seo ar Na Beanna Beola agus Sléibhte Mhám Toirc ar an taobh ó thuaidh agus ó dheas ar Chondae an Chláir agus Árainn. Téann an bóthar suas thar Loch Ugga Beag, thar ghrianán iascaigh Chroimlinne chomh fada amach le Loch Ugga Mór (2km/30 nóiméad).
D. Má chasann tú ar thaobh do láimhe clé ag an ngabhal sa mbóthar, tabharfaidh an bóthar seo anuas 2.8km (35-40 nóiméad) tú agus ansin cas ar chlé chun dul ar ais ag do phointe tosaithe. Ach, ar ndóigh, má tá an fuinneamh agat, déan do bhealach síos chun an chladaigh (Féach Siúlóid II).
Siúlóid II
Molaimid Siúlóid II a ghlacadh mar aguisín nó síniú le Siúlóid I. Mura ndéantar seo, beidh píosa fada siúil le déanamh ar an bpríomhbhóthar. D’fhéadfaí freisin Siúlóid II a dhéanamh ó phointe ‘a’ go dtí pointe ‘f’ agus ar ais arís.
Tabharfaidh aon cheann de na bóithríní a shíneann ó dheas ón bpríomhbhóthar síos chun an chladaigh tú.
Molann muid an bealach seo leanas:
Siúl siar thar naoi mbóithrín ón bPoitín Stil. (Bóithrín amháin ón áit a dtagann Siúlóid I agus an príomhbhóthar le chéile.)
a. Cas síos bóithrín atá leath-tharraithe ar feadh 300m nó go gcasann an bóthar ar dheis (níl sa bpíosa díreach síos ach cosán féarach).
b. Lean an bóithrín trí fhothracha an tsean-chlocháin ar feadh 200m.
c. Cas ar thaobh do láimhe clé ag an gcéad bhóithrín eile agus coinnigh ort síos go cladach (450m).
d. Cas soir cois an chladaigh ar feadh 2.5km (30-40 nóiméad), ag gabháil thar an gcros ard ag Dumhach na Leanbh. Chuirtí naíonáin neamh-bhaistithe anseo anuas go dtí blianta tosaigh na fichiú aoise. Lean ort soir aríst go dtí trá Bhaile an Tí Mhóir, áit a mbíonn rónta ag déanamh bolg le gréin, agus tiocfaidh tú ar leacht cuimhneacháin ag comóradh pléascadh an mhianaigh sa mbliain 1917. Cailleadh naonúr fear sa bpléasc seo agus tháinig duine amháin slán nuair a d’fhill sé abhaile chun aire a thabhairt do shearrach nua-bheirthe, ag fágáil a chairde ar an gcladach tar éis cabhrú leo an mianach a thabhairt i dtír i gcurach.
e. Tar éis 350m (4 nóiméad) tabharfaidh tú cosán beag féarach faoi deara. Cas suas ar thaobh do láimhe clé ag an bpointe seo.
f. Lean an cosán aoibhinn gleoite go ceann 500m agus lean taobh na láimhe deise i ndiaidh an ghabhail. Tabharfaidh an cosán ar ais chuig an bpríomhbhóthar tú agus go dtí do phointe tosaithe ag an bPoitín Stil.
Stair
Tá gach cosúlacht ar an scéal go raibh cónaí ar dhaoine i gceantar Indreabháin i gCois Fharraige leis na céadta bliain. Fuarthas Fulacht Fiadha sa bportach ann. Séard a bhí sa bhFulacht Fiadha ná poll a líontaí le huisce, théití clocha i dtine agus chaití isteach sa bpoll iad leis an uisce a fhiuchadh. Sa tseanaimsir bhaintí úsáid as an bhFulacht Fiadha mar dheis cócaireachta bia. San am atá inniu ann aithnítear na suíomhanna seo ón gcruth ‘crú capaill’ a tháinig ó na clocha a bheith caite suas ar an mbruach. Sa mbliain 1988 tháinig buachaillí áitiúla ar shoitheach ime báite sa bportach. Bháití bia sa bportach fadó ar mhaithe lena chaomhnú. Measann an Músaem Náisiúnta, an áit a bhfuil an t-im caomhnaithe faoi láthair, go bhfuil sé breis agus 300 bliain d’aois.
Tháinig ardú mór ar dhaonra an cheantair seo tar éis Phlandáil Chromail, nuair a phlódaigh na sluaite isteach sa gceantar, ó cheantracha torthúla intíre. Tháinig na daoine seo ó Mhaigh Cuilinn agus Uachtar Ard, taobh thiar den Choirib agus fiú chomh fada ó bhaile le ceantracha lár tire agus Maigh Eo, mar is léír ó roinnt de na sloinnte áitiúla. Siad na stráinséaraí seo a tháinig isteach san áit a bhaist an t-ainm neamh-shamhailteach ‘Cois Fharraige’ ar an gceantar nuair a chonaic siad an fharraige den chéad uair.
ls furasta a aithint anois, ón áit a thóg siad a gcuid tithe, gur ó chúlra feirmeoireachta a tháinig na daoine seo agus nach raibh aon chleachtadh acu ar an iascaireacht. Tógadh cuid de na bailte fearainn idir 2½km agus 3½km ón gcladach. Ba ghnás le hiascairí a gcuid tithe a thógáil in aice na farraige. Anuas go dtí an ghlúin seo caite, bhí na daoine seo amhrasach agus faiteach roimh an bhfarraige, rud a d’fhág go mbídís ag comhairliú dá bpáistí fanacht glan ar an gcladach agus ar an bhfarraige. Is ar éigean má tá aon duine de na daoine scothaosta atá in ann snámh ná a bhfuil aon fhonn orthu snámh a fhoghlaim. Bhí saol crua ag na daoine seo, a ruaigeadh chuig an ceantar sceirdiúil iargúlta seo. Ach níorbh é deireadh an domhain é. Bhí neart clocha acu chun tithe breátha láidre a thógáil. Fuair siad feamainn agus gaineamh ón bhfarraige chun leasú a chur ar na giodáin talún bocht inar fhás siad na fataí a choinnigh greim a mbéil leo. Bhí fuílleach sliogéisc, duilisc agus bia mara eile le n-ithe acu in éindí leis na fataí. Bhainidís soláthar móna chun a gcuid tithe a théamh agus mhalartaítí an mhóin a bhí d’fhuílleach acu le muintir Árann agus le muintir Chontae an Chláir ar bhia agus ar aolchloch. D’úsáidtí an aolchloch chun an talamh aigéadach a leasú. Tá fianaise le fáil fós ar an dáimh riachtanach a bhí idir na daoine agus an talamh ón gcaoi a bhfuil ainm ar chuile ghné nádurtha, chuile gharraí, agus chuile chloch go dtí fiú na carraigreacha atá amuigh sa bhfarraige – mar shampla “Na Matail” atá amach ó thrá an Tí Mhóir, áit chónaithe do chóilineacht rónta anois. Tá leacht cuimhneacháin anois ar an naonúr fear a maraíodh nuair a phléasc mianach ann sa mbliain 1917. Tamall gairid as seo tá leacht eile i gcuimhne ar Mhícheál Breathnach, scoláire agus scríbhneoir cáiliúil áitiúil.
Más sa bportach nó sna garrantaí é, mhair na feirmeoirí seo mar phobal dlúth a bhíodh ag obair as lámha a chéile. Tá an spiorad sin beo go láidir fós i n-intinní neamhspleácha phobail Chois Fharraige.