Siúlóid – Na Forbacha

Siúlóid I

Am: 1¾ – 2 uair

Fad: 7km

Grád: Measartha

 
Siúlóid II

Am: 3 uair

Fad: 12½km

Grád: Measartha/Fuinniúil

Siúlóid - Na Forbacha

Siúlóid I

A. Páirceáil do charr sa gcarrchlós ar an trá, siúl leat siar in aghaidh an chnoic agus cas suas an chéad bhóthar ar thaobh do láimhe deise – Aill an Phréacháin, mar a thugtar air (nó b’fhéidir gur truailliú é de Fraoch Bháin). Siúl leat trí choill na bhForbacha nó go dtagann tú ar spásanna oscailte arís – páirceanna beaga agus ballaí cloiche Chonamara.

a. Tar éis dul suas in aghaidh an aird ar feadh 800m (10-15 nóiméad) tóg an chéad chasadh ar chlé. Téann an bóthar seo isteach trí chlós feirme agus ar aghaidh arís suas ar an bportach.

b. Tar éis 2km (30 nóiméad) claonann an bóthar seo ar chlé agus go luath ina dhiaidh sin ar chlé aríst chun casadh ó dheas. Lig do scíth anseo ar feadh tamaill agus breathnaigh timpeall ar an lúb, smaoinigh ar an saol uaigneach a bhí ag muintir na bhfeirmeacha iargúlta seo sular tháinig ann don taisteal cairr. Tá 2.4km (30-40 nóiméad) idir seo agus an áit a nascann an bóthar seo leis an bpríomhbhóthar.

c. Cas ar chlé (soir) chun teacht anuas den sliabh agus filleadh ar do phointe tosaithe (700m nó 10 nóiméad).

 

Siúlóid II

A. Páirceáil do charr sa gcarrchlós ar an trá, siúl leat siar in aghaidh an chnoic agus cas suas an chéad bhóthar ar thaobh do láimhe deise – Aill an Phréacháin, mar a thugtar air (nó b’fhéidir gur truailliú é de Fraoch Bháin). Siúl leat trí choill na bhForbacha nó go dtagann tú ar spásanna oscailte arís – páirceanna beaga agus ballaí cloiche Chonamara.

B. Lean an bóthar seo ar feadh 1.7km (20 nóiméad) agus tiocfaidh tú ar shruthán beag ar a bhfuil droichead cloiche. Baile na hAbhann is ainm don bhaile fearainn seo. Tóg casadh géar ar chlé agus ansin tar éis 100m, ach roimh an gcéad droichead eile, tóg casadh géar ar dheis agus déan do bhealach chuig na Poillíní.

C. Lean an bóthar seo ar feadh 350m (5 noiméad) agus cas ar chlé ag an ngabhal sa mbóthar. Coinnigh ort thar an ‘teach daingnithe.’ De réir mar a ardaíonn an bóthar i dtreo an phortaigh, beidh radharc breá agat ar Choill na bhForbacha, ar Theach na bhForbacha agus ar Chuan na Gaillimhe.

D. Nuair a shroicheann tú an crosbhóthar (3¼km nó 40-50 nóiméad) cas ar chlé agus lean an bóthar de réir mar a shíneann sé ó dheas, ag dul thar an gcasadh chuig Leitir Gungaid (tar éis 2.7km nó 30-40 nóiméad) agus síos nó go dtagann tú ar ais ag an droichead cloiche (1.6km nó 20 nóiméad) i mBaile na hAbhann. Tá rogha agat a dhul ar ais an bóthar céanna ar tháinig tú aníos air tré chasadh ar dheis, nó d’fhéadfá casadh ar chlé nó go mbainfidh tú amach an príomhbhóthar díreach taobh thoir den Séipéal (1½km nó 30 nóiméad). Cas ar dheis ag an bpointe seo chun dul ar ais ag do phointe tosaithe (1.1km nó 15 nóiméad).

 

Stair

Sa mbliain 1585 cruthaíodh barúnacht Mhaigh Cuilinn as an dá limistéar ársa, Gnó Mór agus Gnó Beag, lena n-áirítear dúiche Chois Fharraige, Maigh Cuilinn agus Uachtar Ard an lae inniu. Ba é Murrogh na dTuath Ó Flatharta an taoiseach oidhreachtúil a bhí ar Ghnó Mór agus bhí cónaí air in Acha an Iúir, Uachtar Ard. Ba é Ruairí Ó Flatharta, seanathair an scríbhneora cháiliúil den ainm céanna, an taoiseach oidhreachtúil a bhí ar Ghnó Beag agus bhí cónaí air sin i Maigh Cuilinn. Bhí coimhlint sheasta faoin limistéir idir an bheirt sin, agus idir Murrogh agus Brianaigh Thuath-Mumhan (a raibh seilbh acu ar thailte ársa na bhFlathartach), agus idir Murrogh agus na Sasanaigh a bhí lonnaithe timpeall ar Loch Coirib. Rinne Banríon Éilís I chuile iarracht Murrogh a cheansú, ach nuair a cloíodh Forsaí na gCorónach ar an Trá Gheal i mBearna, b’éigean di socrú ar réiteach. Thairg sí pardún iomlán saor dó as a chuid cionntaí agus ceapadh é mar ardtaoiseach ar Iar-Chonnachta. Choinnigh an Bhanríon Éilís greim ar roinnt talún de chuid Murrogh sna Forbacha agus thug sí do Mharcus Lynch Gibbon é. Sa mbliain 1699 tugadh ceithre cheathrú talún (is ionann ceathrú agus 120 acra), ‘six miles beyond Galway at Lynch’s Folly’ do chlann na mBlácach. Chuir na Blácaigh fúthu anseo ar feadh breis agus dhá chéad bliain, anuas go dtí 1936. Bhí droch-cháil amach is amach orthu mar thiarnaí talún. Mar shampla, ní bhíodh cead ag na tionóntaí féar a bheith acu nó féar a dhíol, mar go mbíodh sé ag teastáil i gcomhair ábhar leapan do chapaill na mBlácach. Tá sé ráite go fiú gur éiligh said an ‘Droit de Seigneur’ dóibh féin. Bhí pointe amháin maith ina bhfábhar agus ba é sin go gceadaídís don phobal áitiúil Dia a adhradh ina séipéal príobháideach teaghlaigh. Ní raibh aon séipéal sna Forbacha go dtí gur tógadh séipéal Réalt na Mara sa mbliain 1933. Tá fothracha Theach na mBlácach, a tógadh sa mbliain 1841 as aolchloch a tugadh isteach as Co. an Chláir, le feiceáil fós sa gcoill taobh thoir den abhainn.

Bhí na Forbacha suite taobh thiar de na ‘Liobartaí,’ nó na tailte a bhí taobh istigh de theorainneacha na cathrach a thosaigh ag ‘Sruthán na Liobartaí’ i mBearna. Bhailítí cáin bhealaigh ag pointí iontrála ar na teorainneacha seo agus chaití an t-airgead ar chothabháil bhallaí na cathrach. Tá fothrach de cheann de na pointí cánach seo le feiceáil fós sa mballa brící atá mar chuid den bhalla fada cloiche timpeall ar Theach Chnoc na Gréine. Ba é an Dean Butson, mac le Easpaig Chluain Fearta (protastúnach), a thóg an teach atá á úsáid anois mar ionad léinn. Tá an t-óstán breá, Óstán Chois Fharraige, tógtha timpeall ar shean-óstán darb ainm Teach Furbo tráth. Tugadh Marino Lodge ar an teach seo roimhe sin agus is ann a bhíodh cónaí ar an ard-sirriam. Bhíodh anraith dá thabhairt amach i dteach an gheata anseo le linn drochghorta sa mbliain 1870. Tá oifigí Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta díreach trasna an bhóthair ón óstán.

Na Forbacha – deirtear go dtagann an t-ainm ó ‘Forba,’ focal a chiallaíonn cineál talún (féach: an baile fearainn ‘Na Forbacha Garbha,’ .i. tailte garbha). Tá daonra de thart ar 1,000 sna Forbacha anois. Is dócha gur de bhunadh na háite a leath acu seo, agus an leath eile meallta ag na tránna breátha, na radharcanna áille tíre agus a chóngaraí is atá sé do chathair stairiúil na Gaillimhe.