Siúlóid – Ros a’ Mhíl

Am: 2 – 2¼ uair an chloig

Fad: 8¼km

Grád: Measartha

Siúlóid Ros a' Mhíl

A. Ar shroichint an chrosaire ar Bhóthar na Céibhe i Ros a’ Mhíl duit, tóg an casadh clé suas an cnoc, tríd an mBaile Láir, a thógfaidh faoi bhun an taiscumair thú.

B. Nuair a scoitheann tú an casadh ag an taiscumar (10 nóiméad nó 800m), lean ort ar an ‘mbóithrín glas’ ó dheas, síos le fána go dtí an Túr Martello (600m nó 8 nóiméad). Is féidir na clocha a húsáideadh i dtógáil an bhóthair mhíleata seo a fheiceáil i gcónaí ar na ciumhaiseanna. Fásann praiseach thrá ar Thrá na Boilgeoige, trasna an chuain. Cineál feamainne í seo nach bhfásann ach i dtrí áit in Éirinn.

C. Tar ar ais an bealach céanna aríst, coinnigh ar thaobh na láimhe deise ag ladhair an bhóthair. Soir leat thar cheann an Chuain Fhortail go dtiocfaidh tú chomh fada leis an gcéad chasadh ar dheis ar an taobh thall den chuan (750m nó 9 nóiméad). Lean an bóthar garbh le ciumhais an chladaigh chomh fada leis an crosaire T (1.6km nó 20 nóiméad).

D. Más mian leat an corr-bhealach a ghlacadh, chun an chéibh bheag agus fothracha an tsean-stáisiúin garda cósta a fheiceáil ar an mbealach, cas ar thaobh do láimhe deise agus coinnigh ort ar feadh 500m (6 nóiméad). Fill ar ais an bealach céanna.

E. Taisteal soir 500m (ar chlé mura ndeachaigh tú ag breathnú ar an gcéíbh), go dtí an crosaire T agus ansin cas ar do láimh chlé.

F. Tabharfaidh an bóthar seo, a leanann an cúrsa céanna atá déanta cheana agat ach ar leibhéal nios airde, ar ais chuig do phointe tosaithe tú (2.4km nó 50 nóiméad). Ag féachaint amach ar na páirceanna carraigreacha agus ar an gcuan, is furasta a thuiscint cé chomh dian is a bhi an saol ag na daoine a mhair anseo, agus iad ag iarraídh greim a mbéal a bhaint as an ithir agus as an bhfarraige. . .

 

Stair

Luath go maith sa gcogadh in aghaidh na Fraince, 1793-1801, thuig an Bhreatain go raibh cósta thiar na hÉireann leochaileach agus aibidh i gcomhair ionraidh. Cruthaiodh dóibh go raibh údar imní acu nuair a tháinig General Humbert, agus 1,000 saighdiúr Francach ina theannta, i dtír i gCill Ala i gCo. Mhaigh Eo. Cloíodh fórsaí na Fraince faoi cheannas General Humbert, ach tuigeadh do na Sasanaigh gurbh iad Cuan na Gaillimhe agus Inbhear na Sionainne na spriocanna a bhí ag Forsaí na Fraince chun a theacht i dtir ó thús.

Nuair a thosaigh an cogadh in aghaidh na Fraince arís in 1805 cuireadh scéim ar bun chun túir a thógail thart faoi chósta na Éireann agus ar Abhainn na Sionainne. As sin a tháinig an Túr Martello agus tógadh iad ar fud Impireacht na Breataine. Túr faire agus comharthaíochta a bhí i gceist, ach ba dhún daingean é agus gunnaí móra ann freisin.

D’fhonn Cuan na Gaillimhe a chiorcaladh agus a chosaint ó ionsaí, tógadh Túr Martello ar Cheann Léime i gCo. an Chláir, ar Inis Oírr, agus ar Cheann Gólaime i Leitir Mealláin. Tógadh ceann i mBaile Uí Bheacháin, in Each Inis agus i Ros a’ Mhíl i gCuan Chasla. Tá imlíne neamhghnách ag Túr Martello Ros a’ Mhíl, an balla ciorclach ag caolú isteach de réir a chéile ach ag leathnú amach arís in uachtar, éagsúil leis an gceann in Each Inis agus leis an gceann i mBaile Uí Bheacháin. Bhí dabhach uisce faoina bhun, armlann, stórtha agus, aisteach go leor, áit chónaithe ann d’oifigeach amháin agus do thríocha saighdiúr. Thart ar 1815 a tógadh an túr seo agus bhí cónaí ar shaighdiúirí ann go dti 1836. Tá dea-chaoi fós air, cé gur baineadh roinnt clocha as na forbhallaí, ach tá an gunna mór ann go fóill, chomh maith leis an ardán trasnaíle a ghabhann leis ar an díon.

Tógadh Stáisiún Gardaí Cósta i mBaile an tSléibhe idir 1860 agus 1870. Bhí cónai ar Ghardaí Cósta ann go dtí 1922 nuair a tugadh ar láimh don Rialtas dúchais é. Loisceadh é le linn na ‘dtrioblóidí’, agus níl ina sheasamh anois ach na ballaí agus an simléar ina lonnaíonn cáganna agus préacháin deargchosacha.

ls fada an lá iad na gleoiteogaí agus na húicéiri ag tarraingt móna as Ros a’ Mhíl go hÁrainn agus go Co. an Chláir agus earraí anoir ó Chathair na Gaillimhe. Tógadh an tseanchéibh sa mbliain 1877 agus an chéibh mhór nua-aimseartha sna 1970idí. l dteannta Ros a’ Mhíl a bheith ina chalaphort mór iascaigh anois, tá an-tóir ag turasóirí air mar ionad trasnaithe go hÁrainn ar bháid farantóireachta.

Is fada an lá an bhrí atá le Ros a’ Mhíl imithe i ndearmad. Séard is brí le ‘Ros’, ná píosa talún ag gobadh amach sa bhfarraige, ach tugtar go leor míniúcháin éagsúla ar ‘Mhíl’. D’fhéadfadh maoil (cnoc íseal) a bheith i gceist, nó míol mór, nó fiú ‘Míchil’, i ndiaidh Míchíl Uí Chonaire, fear a raibh cónaí air sa gceantar tráth.

Ba é Joseph Bruce Ismay a thóg teach mór Chasla. Tá an teach suite ar an abhainn in aice an chrosbhóthair a théann i dtreo na céibhe. Cuireadh i leith Ismay gur éalaigh sé ón Titantic tré ghléasadh mar bhean agus go raibh an oiread náire air faoin eachtra sin gur theastaigh uaidh fanacht as bealach na ndaoine. Deirtí gurbh é sin an chúis gur thóg sé a theach san áit iargúlta sin. Tógadh scoil sa mbliain 1885 san áit a bhfuil an tIonad Pobail anois agus tógadh an scoil nua sa mbliain 1969. Aisteach go leor, ni raibh aon séipéal i Ros a’ Mhíl go dtí 1937 agus ba i dteach cónaí a thionóltaí seirbhísí eaglasta go dtí gur tógadh an séipéal nua. Ag breathnú síos do dhuine ón taiscumar ar bharr an chnoic is díol spéise iad na céadta agus na mílte claíocha a bhí mar theorainneacha idir na tithe agus na páirceanna san am atá caite. B’fhiú smaoineamh ar na hathruithe móra atá tagtha ar an gceantar seo ó leag an chéad saighdiúr Sasanach a chos ar thalamh ann. B’fhiú smaoineamh freisin ar an bhforbairt a tháinig ar Ros a’ Mhíl ó bheith ina cheantar iargúlta talmhaíochta ag stracadh leis an ngannchuid go dtí Ros a’ Mhíl an lae inniu – calaphort cruógach mara agus iascaigh.