Céibh an Spidéil 1867-1871
le Seán Ó Mainnín
Foilsíodh an t-alt seo in Biseach 1987
Bhí earrach na bliana go dona. Fuair 2,000 beithíoch bás i gConamara in earrach na bliana sin agus bhí gorta ag bagairt arís. Mar ba ghnáthach i gcásanna dá leithéid sin moladh oibreacha poiblí a chur ar bun sa gcaoi go mbeadh saothrú ag na daoine a chuirfeadh ar a gcumas beatha a cheannach agus an cíos a íoc.
Bhí sé molta go minic cheana céibh a thógáil i gCois Fharraige. Céibh dídin a bhí i gceist agus is iad iascairí Chladach Mhuire i nGaillimh is mó a bheadh dá húsáid mar dá mbéarfadh stoirm orthu ar an bhfarraige ní raibh aon chéibh acu go bhféadfadh siad dul ar an bhfascadh ann.
Sa bhliain 1865 chuir sagart paróiste an Chnoic, Pádraig Ó Liatháin (Canon Lyons níos deireanaí ina shaol) litir chuig an Rialtas ag iarraidh go dtógfaí céibh. Bhí an litir sínithe ag go leor iascairí ó Chois Fharraige. Ar ndóigh is ag an Aill Fhinn i mbaile fearainn an Chnoic a bhí an chéibh le tógáil. Ach má bhí chuile dhuine ag súil gur ar an gCnoc a thógfaí an chéibh níor cuireadh san áireamh go raibh fear sa Spidéal a raibh focal sa chúirt aige – ba é sin Mícheál Muiréis a bhí ina dhiaidh sin ina Thiarna Chill Ainnín. Bhí an Muiréiseach ina theachta parlaiminte do Chontae na Gaillimhe sna blianta 1865 go 1867 agus bhí aithne mhaith air sa Rialtas. I mí na Bealtaine 1867 bhí Seisiúin in Uachtar Ard; ceadaíodh deontas £6,000 le haghaidh na céibhe a chosnódh £8,000. As an £2,000 eile d’íoc an Muiréiseach £300 as a phóca féin. Bheadh an £1,700 eile le n-íoc ar ais ag Barúntacht Mhaigh Cuilinn. Ba ghearr go raibh bóthar á dhéanamh chuig an áit a raibh an chéibh le déanamh. Ach ní ró-shásta a bhí tiarna talún Shailearna, an Coimíneach, leis an socrú sin – bhí sé siúd cinnte de gur thiar a thógfaí an chéibh agus gur ag a chuid tionóntaithe féin a bheadh saothrú le fáil. I ndeireadh mhí na Bealtaine 1867 bhí litir sa pháipéar nuachta a bhíodh á fhoilsiú i nGaillimh ag an am, an Galway Vindicator. B’fhiú an litir sin a thabhairt ina hiomláine (aistriú ón mBéarla):
D’Eagarthóir an Vindicator
30 Bealtaine 1867
A dhuine uasail,
Ar mhiste leat dearmad a rinne tú a cheartú maidir leis an gcéibh atá Bord na nOibreacha le tógáil ag an Spidéal. Chuir chuile pharóiste fan an chósta ó Ghaillimh go Clochán (ach amháin an Spidéal) agus Oileán Árann litreacha chuig an mBord ag impí orthu céibh dídin a thógáil ag áit a dtugtar an Aill Fhinn air, thart ar trí mhíle siar ón Spidéal. Mar gheall ar an gcaoi a bhfuil an talamh san áit sin is minic a d’úsáid siad é le dul ar ancaire ann agus is san áit sin amháin a bheadh céibh feiliúnach.
In ionad céibh a iarraidh ag an Spidéal sé’n chaoi ar cháin siad an áit mar ionad a bheadh feiliúnach do chéibh. Is féidir liom a rá go bhfuil an Captaen Bedford, Mr. Barry, an Coimisinéir Iascaigh agus chuile dhuine eile a scrúdaíonn an dá áit ar aon intinn. Deineadh an Spidéal a roghnú ar chúis eile.
Is mise do sheirbhíseach dílis,
C.
Ní bheadh duine i bhfad ón marc dá n-abródh sé go seasann an litir C don Choimíneach, tiarna talúin dhúiche Shailearna. Ach in ainneoin iarrachtaí an Choimínigh, leanadh leis an obair ar an gcéibh sa Spidéal. Bhí beagnach trí chéad fear fostaithe ag déanamh an bhóthair chuig ionad na céibhe agus áthas an domhain orthu pá seachtaine a fháil. Ag cruínniú eile a bhí i dteach na cúirte sa Spidéal ar an dara lá de mhí Iúil 1867 rinne an Coimíneach agus an tAth. Ó Liatháin, sagart paróiste an Chnoic, iarracht eile go dtógfaí an chéibh ag an Aill Fhinn ar an gCnoc ach bhí tromlach ina n-aghaidh agus glacadh leis an Spidéal. Bhí chuile shórt ina cheart anois ó thaobh an Spidéil de. Nuair a thug an Muiréiseach cuairt ar na fir a bhí ag déanamh an bhóthair chuig an gcéibh cuireadh an-fháilte roimhe. Bhí tine chnámh i lár an tsráidbhaile an oíche sin agus solas i chuile theach sa Spidéal.
Bhíodh an obair thógála ar siúl óna sé a chlog ar maidin go dtí an sé tráthnóna. Innealtóir darbh ainm James Forsyth a bhí mar chléireach oibre ar phá seacht scilleacha sa ló, sé lá na seachtaine. Martin Ducie a bhí ina mhaor ama ar phá leathchoróin sa ló. Fear as Árainn, Tomás Ganly, a bhí ina mhaor ar na saoir chloiche agus sé scilleacha sa lá dó. Tugadh na huirlisí as Luimneach ar charrannaí capaill agus tháinig craein mhór as Albain leis na clocha a chrochadh. Tógadh stór mór le haghaidh na huirlisí a stóráil agus le caoi a chur ar uirlisí ann. Tógadh foirgneamh faoi leith ina gcoinneofaí an púdar bleaislteála mar nach raibh na póilíní sásta é choinneáil sa mbeairic. Leagadh síos ráillí traenach ón gcoiréal a bhí ag ceann an bhóthair síos chomh fada leis an gcéibh. Bhí vaigíní ag ritheacht ar na ráillí sin agus capaill á dtarraingt. Ceannaíodh dhá chapall ar £15 an ceann. Céad fear a bhí in ainm is a bheith ag obair ar an gcéibh. Ceithre boinn sa ló a bhí dóibh (toistiún, ba é sin 4d, a bhí i chuile bhon) – is ionann sin agus ocht scilleacha sa tseachtain. Bhí éileamh chomh mór sin ar obair gur thóg Forsyth níos mó ná céad fear agus tugadh ordú dó scaoileadh leis an méid breise a bhí ag obair aige.
Níor mhór tagairt a dhéanamh anseo d’eachtra eile a tharla agus gur bheag nár chuír sé an obair ar an gcéibh in aer. Nuair a cuireadh tús leis an obair is iad tionóntaithe an Mhuiréisigh agus an dream thart ar an Spidéal is mó a fuair saothrú ar an gcéibh. Ach bhí go leor eile de thionóntaithe an Choimínigh i ndúiche Shailearna a chuaigh ag iarraidh oibre agus diúltaíodh iad. Siar leo chuig an Athair Ó Liatháin, sagart paróiste an Chnoic, agus chuir siad a gcás os a chomhair. Sén chomhairle a chuir sé orthu a dhul ag obair ar an gcéibh – rud a rinne siad. Thíos in aice an uisce a bhíodh siad ag obair agus is gearr gur baisteadh ‘Gang na nPortán’ orthu. Ag deireadh na seachtaine nuair a bhí na fir ag fáil a bpá tháinig Gang na bPortán ag iarraidh a bpá ach pingin rua ní bhfuair siad. Siar leo arís chuig an Athair Ó Liatháin. Scríobh sé sin litir chuig an Rialtas i mBaile Átha Cliath ag iarraidh go n-íocfaí na fir. Fuair sé litir ghéar ar ais ón Rialtas ag rá leis a ladar a choinneáil amach as an scéal nó go stopfaí an obair uilig. Drochsheans go bhfuair Gang na bPortán pingin rua riamh!
Nuair a bhíonn scata fear le chéile is minic iad ag cur geallta le chéile féachaint cén fear a dhéanfadh seo agus siúd. Comórtas amháin a bhíodh acu ná léimt ón chéad vaigín cloch go dtí an tríú ceann. Comórtas eile a bhíodh acu ná an barra láimhe ceathrair a iompar agus ualach cloch air. Bheadh beirt chun tosaigh agus bheadh ar an bhfear láidir é a iompar leis féin chun deiridh. Deirtear nach raibh ach beirt a bhí in ann aige – Flanagan as Gaillimh agus Tom Éamainn Ó Céide as Sailethúna. Cleas eile a bhíodh acu, an gró mór trom ar a dtugtaí an ringer a chaitheamh amach den chéibh san uisce. Bhí Patch Breathnach as an gCathair in ann snámh chomh fada leis agus é a iompar ar ais.
Leanann an bás féin obair mhór den sórt seo. I measc na ndaoine a gortaíodh bhí Tadhg Ó Flatharta, Seán Ó Flatharta, Maitiú Ó Tuathail, Eoin Ó Neachtain agus Séamus Ó Coincheanainn. Ach ní mba thada é sin i gcomparáid leis an rud a tharla do bhuachaill óg 22 bhliain d’aois darb ainm Frank Nally ar an 24ú lá de Lúnasa 1868. Sén chaoi a mbíodh sé ag scaoileadh na gcapall ó na vaigíní ar na ráillí. Sciorr sé agus chuaigh vaigín lán de chlocha thar a mhuineál agus a lámha. In ainneoin go raibh an dochtúir Liam Ó Conchubhair as an Spidéal i láthair gan mhoill fuair an créatúr bás an tráthnóna sin. Ní raibh ag a thuismitheoirí ach é. Íocadh £5 mar chúiteamh as a bhás leo.
In ainneoin na ndeacrachtaí uilig lean an obair ar aghaidh. Thart ar thrí bliana go leith a thóg an obair uilig. I dtús na bliana 1871 bhí ceant ar an méid uirlisí nach raibh feiliúnach le n-aistriú, leagadh na stórtha, tógadh suas na ráillí iarainn agus fágadh Céibh an Spidéil ag seasamh sa mbearna bhaoil in aghaidh tonntracha tréana an Atlantaigh. Má bhí muintir Shailearna ag ceapadh nár tógadh an chéibh san áit cheart bhí an rud céanna le rá ag muintir an Spidéil – mar gur ag Corra Bhothúna a bhí sí molta le déanamh.
Nóta:
Mo bhuíochas ó chroí don fhear geanúil Pat Choilm Ó Céidigh, Sailethúna, a roinn go fial a chuid eolais ar an tréimhse sin liom. Gura fada buan é.