Socraid Míleata i gCois Fharraige 100 Bliain ó Shin

Le Donncha Ó hÉallaithe

Jimmy Ó Flatharta 1914

Jimmy Ó Flatharta, chun tosaigh ar chlé ar fad, le grúpa eile óglaigh ón Spidéal agus iad ag drilleáil le camán acu in áit gunna.

[Buíochas le Seán Ó Neachtain as an bpictiúr a chur ar fáil]

Céad bliain ó shin bhí eagar maith faoi na hóglaigh i gCois Fharraige, a bhuíochas sin do Mhicheál Ó Droighneáin ón Tuar Beag i bParóiste an Chnoic, ball de Bhráithreachas na Poblachta. Nuair a scaoileadh an Droighneánach amach as géibheann i Meitheamh 1917, thug sé faoi eagar a chur ar na hóglaigh i gceantar An Spidéil. Dar lena chuid fianaise féin do Bhiúró na Staire Míleata, bhí sé in ann leathchéad óglach a phiocadh ó na comlachtaí sa Spidéail agus ar an gCnoc, mí Bealtaine 1918, le súil a choinneáil amach do fhomhuireán Gearmánach: bhí an scéal tagaithe ó Collins go raibh armlón ón nGearmáin le cur i dtír thart ar Chor na Rón, ceithre mhíle siar ón Spidéal. Mar a tharla, níor tháinig an fomhuireán mar gur rugadh air agus cuireadh go grinneall na farraige é sa Muir ó Thuaidh.

Tí Lal, An Spidéal.

‘Tí Lal,’ an teach sa Spidéal inar tógadh an t-óglach Jimmy Ó Flatharta, mar atá inniu

Faoi dheireadh na bliana 1918 bhí an fliú ag leathnú go fairsing ar fud na hEorpa agus ar fud na hÉireann. Ní hamháin gur fliú a bhí ann a bhí tógálach ach ba fliú marfach a bhí ann. Ceaptar gur mharaigh sé thart ar 5% de dhaonra na hÉireann, daoine óga cuid mhaith acu.

I measc na ndaoine a maraíodh bhí an t-óglach Jimmy Ó Flatharta ón Spidéal, gan é ach scór bliain d’aois.

Cérbh é Jimmy Ó Flatharta? De réir an daonáirimh a tógadh i 1911, ba é an dara mac ba shine a bhí ag James Flaherty agus a bhean Delia. Bhí George, a dheartháir, dhá bhliain níos sine ná é. Bhí George ina mhúinteoir bunscoile ar feadh na mblianta sa Spidéal. Tógadh Jimmy sa teach ceann tuí gleoite i sráidbhaile An Spidéil, atá ann i gcónaí. ‘Tí Lal’ a thugtar air, atá lonnaithe beagnach trasna an bhóthair ón Leabharlann. Ba deirfiúr í Lal le Jimmy agus bhí deartháir eile aige darb ainm dhó Máirtín, a bhí dhá bhliain níos óige ná é.

Mí Iúil 1918 bhí Jimmy os comhair na cúirte i nGaillimh, é féin agus Máirtín Ó Cualáin ó Bhothúna, agus é curtha ina leith go raibh ‘unlawful assembly’ ar bun acu nuair a d’eagraigh siad tine cnámh sa Spidéal ar an 22 Meitheamh, 1918, le bua Shinn Féin sa bhfothoghchán i gCabhán a cheiliúradh. B’shin an fothoghchán inar toghadh Arthur Griffith ina MP.

Os comhair na cúirte dúirt an Flathartach go mba ‘soldier of the Irish Republic’ é. De réir tuairisc sa gCuradh Connacht (20 Iúil, 1918) faoin trial, cuireadh dhá mhí príosún ar Jimmy Ó Flatharta, mar go ndúirt an R.M. go raibh an chuma ar an scéal go mba é a bhí ina cheannaire ar an druileáil a eagraíodh mar chuid den cheiliúradh sa Spidéal.

Deirtear ar a theastas báis go raibh Jimmy tinn ar feadh deich lá, sular bhásaigh sé ar an 17 Samhain.

The flu was raging towards the end of 1918, and we lost one of the most determined of the Spiddal Volunteers, Jimmy O’ Flaherty’ a dúirt Micheál Ó Droighneáin ina chuid fianaise do Bhiúró na Staire Míleata faoin óglach óg ón Spidéal.

Cuireadh Jimmy i Reilig an Chnoic ar an 19 Samhain, 100 bliain ó shin, le socraid mhíleata. Mháirseál na hóglaigh siar go Reilig an Chnoic ón Spidéal ar Bhóthar Chois Fharraige. Seo é an cur síos atá ag an Droighneánach ar an tsocraid: ‘Half-a-dozen R.I.C. men followed behind the funeral, but did not come any nearer to the cemetary than the public road, a quarter of a mile away. We fired three volleys over the grave, with revolvers. The R.I.C. remained at the head of the boreen leading to the graveyard, until we had passed through, on our way home, but did not molest us, nor search us.’

Leac Jimmy Ó Flatharta

An leac ar uaigh Jimmy Uí Fhlatharta i Reilig an Chnoic, Cois Fharraige

Tá cur síos ag an R.I.C. áitiúil faoin tsocraid chomh maith i dtuairisc chomhaimsireach a cuireadh ag an gCigire i nGaillimh. Bhí súil ghéar á choinneáil ag an R.I.C. ar an Droighneánach, ar a bhaist siad ‘the most dangerous man at large’.

On 19th Nov. 1918, he [Micheál Ó Droighneáin] marched in fours with a party of 39 other Sinn Féiners from Spiddal to Knock graveyard after a hearse conveying the remains of Jas Flaherty for interment there. Flaherty held the rank of Captain of the Sinn Féin volunteers. Before burial one revolver shot was fired & after burial three more were fired… The police could not identify the persons who fired the shots.’

Ní iontas ar bith é nach bhféadfaidís na daoine a scaoil na hurchair a aithint mar de réir an scéil, d’fhanadar ina seasamh ar an bpríomhbhóthar, i bhfad ón uaigh ina raibh Jimmy Ó Flatharta á cur ag a chomrádaithe mar óglach de chuid Phoblacht na hÉireann.

Tharla socraid mhíleata an Captaen Jimmy Uí Fhlatharta i Reilig an Chnoic, 100 bliain ó shin ar an 19 Samhain.