Cumann Forbartha | Pleanáil Teanga

Féile Chois Fharraige

Mí na Samhna 2021

Chun dáta: Dé hAoine 19ú

Tá cuid d’imeachtaí na Féile á gcur ar athló.

Chinn an mheitheal riartha gur cheart cuid de na himeachtaí faoi dhíon a chur siar go hEarrach ar mhaithe leis an bpobal a chosaint ar scaipeadh an Chovid anois agus é ag treisiú. Ní bheidh Le Cion ar JoeCeolchoirm Cholmcille ar bun.

Má tá ticéid in áirithe agat, is féidir an t‑airgead a fháil ar ais nó más mian leat é a fhágáil sa gcuntas don chéad bhabhta eile, is féidir sin a dhéanamh freisin!

Déan teagmháil linn ag feilechoisfharraige21@gmail.com nó glaoigh ar 083 010 6294.

Lógó na féile.

Bhur gcéad fáilte go Féile Chois Fharraige.

Tugaigí faoi deara go mbeidh srianta sláinte poiblí á gcur i bhfeidhm ar mhaithe le sábháilteacht agus suaimhneas an phobail.

Ní mór teastas COVID a thaispeáint ag an doras ag na himeachtaí atá faoi dhíon.

Go mbaine sibh taithneamh as an bhFéile. Tá muid ag súil libh!

Dé Céadaoin 17ú

19.00
Taispeántas Ealaíne.
Saothar le Deirdre Caulfield, Aoife Dowd, Peadar Ó Cualáin ⁊ Piaras Ó Droighneáin.
Oifigí Chomhlacht Forbartha an Spidéil.
20.00
Seoladh Barzaz.
Inphrionta nua ó Futa Fata.
Gormfhlaith Ní Thuairisg ag labhairt le Tadhg Mac Dhonnagáin ⁊ Máirín Nic Con Iomaire.
Madame Lazare, úrscéal le Tadhg, agus Khailil, úrscéal le Yasmina Khandra a d’aistrigh Máirín, a bheas faoi chaibidil.
Tigh Mholly.
20.30
An Cosán Draíochta.
Sraith ceoil a ndearna Stiúideó Cuan coimisiúniú air ó Johnny Connolly in ómós a athar, Johnny Phádhraic Phiotair.
Stiúideo Cuan.
Ceannaigh ticéid. (Eventbrite)

Déardaoin 18ú

9.00–17.00
Taispeántas Ealaíne.
Saothar le Deirdre Caulfield, Aoife Dowd, Peadar Ó Cualáin ⁊ Piaras Ó Droighneáin.
Oifigí Chomhlacht Forbartha an Spidéil.
19.00
** ar athló **
Seoladh Eadrainn Féin.
Leabhar a chuir daltaí Choláiste Chroí Mhuire i dtoll a chéile in ómós do Mháirtín Ó Cadhain.
Óstán Chois Fharraige.
20.15
Arracht.
Scannán faoin nGorta.
Tomás Ó Suilleabháin a scríobh ⁊ a stiúraigh.
Dónall Ó Héalaí sa bpríomhpháirt.
Seanscoil Sailearna.
Ceannaigh ticéid.
20.30
An Cosán Draíochta.
Stiúideo Cuan.
Ceannaigh ticéid. (Eventbrite)
21.00
Seisiún amhránaíochta agus ceoil.
Seán Ó Gráinne mar fhear an tí.
Tigh Phádraicín.

Dé hAoine 19ú

9.00–17.00
Taispeántas Ealaíne.
Saothar le Deirdre Caulfield, Aoife Dowd, Peadar Ó Cualáin ⁊ Piaras Ó Droighneáin.
Oifigí Chomhlacht Forbartha an Spidéil.
20.00
** ar athló **
Le Cion ar Joe.
Seó le míreanna as saothair Joe Steve le hAisteoirí an Spidéil in ómós dá gcomh-aisteoir.
Seanscoil Sailearna.
20.30
An Cosán Draíochta.
Stiúideo Cuan.
Ceannaigh ticéid. (Eventbrite)
21.30
** ar athló **
Seisiún Amhránaíochta.
Tigh Mholly.

Dé Sathairn 20ú

13.00–15.00
Taispeántas Ealaíne.
Saothar le Deirdre Caulfield, Aoife Dowd, Peadar Ó Cualáin ⁊ Piaras Ó Droighneáin.
Oifigí Chomhlacht Forbartha an Spidéil.
10.30
Sealgaireacht ⁊ Siúlóid Threoraithe Cois Cladaigh.
Trá na Tulaí.
(Teacht le chéile i gcarrchlós an Phota.)
Blaisíní sa bPota ina dhiaidh.
12.00
Nochtadh Leice in ómós do Timín Joe Tim.
An droichead thar abhainn idir an tSeanchéibh is an Chéibh Nua.
15.00–17.00
Ollseisiún na nÓg.
Stiúideo Cuan
20.00
** ar athló **
Ceolchoirm Cholmcille.
Ceoltóirí agus amhránaithe as ceantair a luaitear le Colmcille.
In ómós don 1,500 bliain ó rugadh é.
Oirfidigh as Albain, Doire, Dún na nGall, Contae na Mí ⁊ Conamara, maraon le Breanndán Ó Beaglaoich, a thug Bíobla i nGaeilge i naomhóg go hOileán Í.
Seanscoil Sailearna.
20.30
An Cosán Draíochta.
Stiúideo Cuan.
Ceannaigh ticéid. (Eventbrite)
21.00
Ceann Gólaim.
An Poitín Stil.

Dé Domhnaigh 21ú

11.30
Siúlóid Teaghlaigh / Tóraíocht Taisce.
I gcomhar le Tuismitheoirí na Gaeltachta.
An Trá Mhór.
12.00
Nochtadh Leice i gcuimhne ar na tithe a dóadh sa gceantar i 1921.
Cúinne tí Folan, An Spidéal.
13.00–15.00
Taispeántas Ealaíne.
Saothar le Deirdre Caulfield, Aoife Dowd, Peadar Ó Cualáin ⁊ Piaras Ó Droighneáin.
Oifigí Chomhlacht Forbartha an Spidéil.
14.00
Siúlóid do dhaoine fásta faoi threoir Eoin Uí Thuairisg.
Ag tosú ag An bPoitín Stil.
An Lochán Beag.
20.00
** ar athló **
Le Cion ar Joe.
Seanscoil Sailearna.
20.30
An Cosán Draíochta.
Stiúideo Cuan.
Ceannaigh ticéid. (Eventbrite)
20.30
** ar athló **
Clabhsúr na Féile.
Bannaí céilí Loch Lurgan ⁊ Cogar ag casadh.
Tigh Chualáin.

Cumann Forbartha | Pleanáil Teanga