Cois Fharraige: An Scéal is Nuaí

21 Feabhra 2018


Dráma Joe Steve sa Spidéal

Peadar Ó Cualáin agus Séamas Ó Scanláin sa dráma ‘Níor Mhaith liom do Thioblóid’, le Joe Steve Ó Neachtain, a bheas á chur ar ardán i gColáiste Chonnacht ag Aisteoirí an Spidéil, an deireadh seachtaine seo, ar an Aoine (23ú), Satharn (24ú) agus Domhnach (25ú) ag tosú ag 8.00.

Tá an Carghas tosaithe agus séasúr na drámaíochta chugainn. An deireadh seachtaine seo chugainn beidh an dráma ‘Níor Mhaith Linn do Thrioblóid’, a scríobh Joe Steve Ó Neachtain, á chur ar stáitse ag Aisteoirí an Spidéil i gColáiste Chonnacht.

Bíonn an tóir i gcónaí ar dhrámaí Joe Steve agus tá cáil bainte amach ag Aisteoirí an Spidéil faoi chaighdeán na haisteoireachta sna drámaí atá léirithe acu le roinnt blianta anuas. Léiríodh an dráma seo ar dtús sa mbliain 2003 agus bhain sé cáil mhór amach. Dráma é seo a phléann caidreamh teaghlaigh, caidreamh comharsan, cúram don tseanmhuintir, uaillmhian, éirí in airde agus an chaoi a n-athraíonn cúrsaí agus cinnteachtaí an tsaoil in imeacht aimsire.

Sé Peadar Ó Treasaigh atá i mbun léirithe an geábh seo agus tá cliar láidir faoin a chúram. Beidh Maidhc P. Ó Conaola, Peadar Ó Cúláin agus Séamas Ó Scanláin páirteach, aisteoirí a bhfuil seanaithne orthu ar an ardán agus tá Breandán Ó Conlain ar ais ar an ardán arís. Tá Máire Uí Neachtain ag teacht ar ais chun ardáin arís freisin agus beidh Fionnuala Ní Fhlaithearta i dteannta na nAisteoirí den chéad uair ariamh. Seo an chéad mhórpháirt ag Bairbre Ní Churraoin.

Ag 8.00 i.n a ardóidh an brat ar an Aoine seo.

Beidh an dráma ar an stáitse ar an Satharn (24ú) agus ar an Domhnach (25ú) chomh maith.


Rialacha an Chomharchumainn Leasaithe

Seanscoil Sailearna, áit ar reachtáileadh cruinniú speisialta de scairshealbhóirí Chomharchumann Shailearna Teo. le gairid

Reachtáileadh cruinniú speisialta de scairshealbhóirí Chomharchumann Shailearna Teo. ar an Máirt, 13 Feabhra, i Seanscoil Sailearna chun leasaithe a chur ar rialacha an Chomharchumainn.

Cé go raibh litir seolta ag gach scairshealbhóir ag tabhairt fógra faoin gcruinniú, is líon beag a d’fhreastal air. Glacadh le leasú ar na rialacha sa gcaoi gur fiche ar a laghad is gá a bheith ag Cruinnithe Chinn Bhliana agus ag cruinnithe speisialta as seo amach, in áit an deichniúr a bhí luaite sna rialacha roimhe seo.

Glacadh le leasú eile a chiallaíonn gur gá ar a laghad leath de bhaill an Choiste a bheith i láthair ag cruinnithe den choiste.

Tarraingíodh siar rún faoin mbealach a dhéantar teagmháil leis na baill faoi cruinnithe, ar an tuiscint go mbeadh úsáid á baint as ríomhphoist agus téacsanna, chomh maith le nuachtáin agus suíomh idirlín, le teagmháil a dhéanamh leis na baill. Chuige sin tugadh le fios go mbeifí ag bailiú uimhreacha fón póca agus seoltaí ríomhphoist ó scairshealbhóirí sna míonna seo romhainn.

Dúradh chomh maith go bhfuil foirm le cur ar fáil do scairshealbhóirí a thabharfas deis dóibh scair a fhágáil le oidhreacht ag an duine a roghnaíonn siad a bheith i seilbh na scaire sin tar éis a mbáis.

Tá cóip de na rialacha le fáil ach teagmháil a dhéanamh le oifig an Chomharchumainn ag 593017 nó ag cst@nulleircom.net


Plean na Gaeltachta

Is ar an Luan seo chugainn, 26 Feabhra, a bheas an cruinniú ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le cinneadh a dhéanamh faoi na haighneachtaí is na moltaí a cuireadh ag an gComhairle Chontae faoin Athrú 2(b) atá beartaithe le cur ar Phlean Forbartha an Chontae, le tíocht in áit Plean Áitiúil na Gaeltachta 2008 – 2018. Beidh na comhairleoirí ag plé Athrú 2(a) chomh maith, a bhaineann go sonrach le sráidbhaile Bearna.

As an 36 aighneacht a cuireadh isteach faoin Athrú 2(b), baineann 12 acu le cosaint agus caomhnú na Gaeilge sa nGaeltacht. Mar a sheasann an dréacht den Athrú 2(b) a d’fhoilsigh Oifig Pleanála an Chomhairle Chontae, ní bheadh coinníollacha teanga á gcur i bhfeidhm in aon áit sa nGaeltacht taobh amuigh den dá shráidbhaile, An Spidéal agus An Cheathrú Rua. De réir Tuairisc an Phríomhfheidhmeannaigh ar na haighneachtaí, tá an chosúlacht ar an scéal go mbeifear sásta géilleadh ar an bpointe sin agus glacadh leis go mba cheart coinníoll teanga a chur ar 80% de na tithe in aon fhorbairt tithíochta (2 theach nó níos mó).

Ach tá Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga ag iarraidh forálacha do thithe aonair chomh maith, le go mbeidh sé ráite go soiléir, mar a bhí i bPlean Áitiúil na Gaeltachta, go bhféadfaí cead pleanála a thabhairt le haghaidh teach aonair i gcás daoine le Gaeilge líofa a bheadh ag iarraidh cónaí sa nGaeltacht, gan gá dóibh riachtanas tithíochta a chruthú.

Beidh tuairisc sa gcolún seo an tseachtain seo chugainn ar a socraíodh faoin bpleanáil sa nGaeltacht ag an gcruinniú cinniúnach den Chomhairle Chontae ar an Luan seo chugainn.


Torthaí ó Éigse an Spidéil

Bhí Éigse an Spidéil ar siúl an deireadh seachtaine seo caite. Ba é buaicphointe an deireadh seachtaine an ceolchoirm in Óstán na Páirce ar an Satharn, áit a raibh Bobby Gardiner agus a thriúr iníon ceolmhar mar aoíeanna speisialta. Ar an Domhnach ag Clabhsúr na hÉigse sa gCrúiscin Lán, bronnadh ‘Laoch an Traidisiúin’ ar Mhaidhc P. Ó Conaola (ar dheis), fear a bhfuil an oiread déanta thar na blianta le traidisiún na drámaíochta sa Spidéal a choinneáil ag imeacht.

Seo a leanas na buaiteoirí sa gComórtas Amhránaíochta ar an Sean Nós do dhaoine óga, a reachtáladh Tigh Chualáin, ar an gCoill Rua, ar an Satharn.

8 mbliana d’aois & faoi:

1. Éabha Ní Neachtain, Cor na Rón.

2. Eoin Ó Gionnáin, An Chathair.

3. Cuan Canny, Na hAille.

12 bhl. & faoi:

1. Neasa Nic Dhonncha, Ros a’ Mhíl.

2. Róisín Ní Raifeartaigh, An Teach Mór.

2. Síofra Ní Scanláin, Púirín agus Caitríona Ní Raifeartaigh, An Teach Mór.

16 bhl. & faoi:

1. Bróna Ní Cheallacháin, An Chré Dhubh.

2. Liadan Canny, Na hAille.

3. Eadaoin Nic Dhonncha, Ros a’ Mhíl.

18 bhl. & faoi:

1. Domhnall Ó Braonáin, An Teach Mór, Indreabhán.

Bronnadh Corn Pheatsaí Uí Cheannabháin 2018 ar Bhróna Ní Cheallacháin, An Chré Dhubh.

Bróna Ní Cheallacháin, An Chré Dhubh, ar a bronnadh Corn Peatsaí Uí Cheannabháin as a cuid amhránaíocht, le linn Éigse an Spidéil. Taobh leí ar chlé tá Eilís Ní Cheannabháin, iníon le Peatsaí.


Club Leabhar Chois Fharraige

Bhí an-oíche ag Club Leabhar Chois Fharraige, nuair a tháinig an Club le chéile i dTigh Mholly ar oíche Vailintín, mar bhí an grúpa CLEAS tagaithe ó CLEAS (Club Leabhar Eachtraíochta agus Sóisialta) tagaithe anoir ó Bhaile Locha Riach ar cuairt. Bhí caint, comhrá agus craic ann agus saothar Uí Chadhain á phlé. I measc na ndaoine a bhí páirteach san oíche bhí nia an údair, Máirtín Ó Cadhain, a bhfuil cónaí air sa Spidéal le roinnt blianta.

Tá an Club Leabhar buíoch do Fhoras na Gaeilge agus do Thigh Mholly as an tacaíocht a tugadh leis an ócáid a reáchtáil. Tá súil ag Club Leabhar Chois Fharraige le cuairt a thabhairt ar CLEAS i mBaile Locha Riach san fhómhar.

Beidh an chéad tíocht le chéile eile ar an cCéadaoin, 14 Márta, ag 9.00pm i dTigh Mholly, Indreabhán, le ‘Mise Raiftearaí’ le Tadhg Mac Dhonnagáin a phlé. Beidh an t-údar ann ar an oíche agus beidh fáilte roimh chách.


Murdair Mhám Trasna

Dara Devaney i bpáirt Myles Joyce sa scannán ‘Múrdair Mhám Trasna’, a bheas á thaispeáint an Déardaoin seo, 22 Feabhra, i Seanscoil Sailearna ag tosaí ag 8.15pm.

Is anocht, an Déardaoin seo, a bheas deis ag an bpobal i gConamara an scannán ‘Murdair Mhám Trasna’ a fheiscint, nuair a thaispeánfar an scannán ar an scáileán mór i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosaí ag 8.15pm.

Tá scéal an scannáin bunaithe ar an leabhar a scríobh Seán Ó Cuirreáin faoin dúnmharú a tharla i Mám Trasna, Dúiche Sheoighe, sa mbliain 1882 agus sé Ciarán Ó Cofaigh a rinne an scannán a léiriú.

Déanann an scannán iniúchadh ar an mbealach a crochadh daoine neamhchiontacha as dúnmharaithe nach raibh láimh ná páirt acu iontu. Bhí conspóid mhór polaitíochta ina dhiaidh faoin mbealach ar láimhseáil rialtas na Breataine an scannal agus bhí tionchar aige ar thitim rialtas Gladstone sa mbliain 1885.

Is féidir ticéad a chur in áirithe ach ríomhphost a chur ag an seoladh clubscannan@nullgmail.com nó teacs a chur ag (086)4048881.


Scoláireachtaí Printíseachta an Údaráis

Tá Údarás na Gaeltachta ag glacadh le hiarratais faoi láthair ó dhaoine óga Gaeltachta, buachaillí agus cailíní, a bhfuil spéis acu ceird ar bith a fhoghlaim ón réimse leathan ceardanna atá ar fáil. Is fiú níos mó ná €2,000 an ceann na scoláireachtaí printíseachta seo, atá oscailte do iarrthóirí Gaeltachta le Gaeilge líófa. Tá tuilleadh eolais, chomh maith le foirmeacha, le fáil ach glaoch ar 091 503121 nó dul ar shuíomh idirlín an Údaráis. Tá go dtí 28 Feabhra le foirmeacha iarratais a chur ar ais ag Údarás na Gaeltachta.


Peil na mBan

Cumann Mícheál BreathnachCuireadh tús spleodrach le séasúr nua Peil na mBan ar an Domhnach seo caite, nuair a chas foireann sóisir ó Chumann Micheál Breathnach le Bóthair na Trá/Cnoc na Cathrach sa gcéad chluiche den tsraith shóisearach, ar Pháirc an Chnoic. Ní raibh sé éasca imirt ar pháirc a bhí fliuch báite, ach mar sin féin cluiche taithneamhach a bhí ann.

Ag leath ama bhí an dá fhoireann ar chomhscór: Micheál Breathnach 1 – 2, Bothair na Trá 0 – 5.

Sa dara leath chuaigh Bóthar na Trá 4 chúilín chun tosaigh, ach d’éirigh le mná Chois Fharraige tíocht ar ais agus murach cúl a fuair Bóthar na Trá gar do dheireadh an chluiche bheadh an bua ag an bhfoireann baile le cúilín amháin.

Chríochnaigh an cluiche leis an scór Micheál Breathnach 4 – 05, Bóthair na Trá 3 – 10.

Chruthaigh Caitríona Ní Churraoin an-mhaith mar chúl báire le ciceanna fada amach. Bhí Niamh Ní Chonaill thar barr sna cúlaithe. I Lár na páirce rinne Fódhla Ní Bhraonáin go leor leor oibre, a chruthaigh deiseanna do na tosaithe agus ba í Sadhbh Howlin is mó a fuair scóranna nuair a theastaigh siad.


Ranganna Ballet sa gCeathrú Rua

Beidh Ranganna Ballet agus Damhsa Nua Aimseartha le Eoin Mac Donnacha ag tosaí go luath i SPLANC, an t-ionad atá ag Tuismitheoirí na Gaeltachta sa gCeathrú Rua, ar chúl na leabharlainne.

Is as an gCeathrú Rua do Eoin agus tá blianta caite aige ag damhsa i mBaile Átha Claith, i Londain, sa nGearmáin agus i bPoblacht na Seice. Tá sé tagtha abhaile go Conamara anois agus ag réiteach le dul i mbun sraith ranganna le Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Tá an-spéis á cur sna ranganna seo ach tá spásanna teoranta, mar sin déan teagmháil linn go beo le áit a chinntiú ag an uimhir 091 869571.


Scéim Fostaíochta Pobail Chois Fharraige

Tá folúntais le líonadh ar Scéim Fostaíochta Pobail Chois Fharraige. Obair chothabhála agus ghlantachán taobh istigh is taobh amuigh a gheadh i gceist. Tá tuilleadh eolais le fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an saoiste Tadhg Tim Ó Conghaile ag 0872592560.


Imeachtaí i Leabharlann an Spidéil

Taispeántas Ealaíne mar chuid de Éigse an Spidéil le obair ó 13 ealaíontóir, bunaithe ar an dán ‘Conamara’, le Seán Ó Coistealbha. (Ar siúl go dtí an 28 Feabhra).

Caint le Jim Mc Namara faoi gharraídóireacht orgánach ar an Aoine seo, 23 Feabhra, ag 10.15 go 11.00. Beidh sé i Leabharlann na Ceathrú Rua leis an gcaint chéanna a thabhairt ar an Aoine chomh maith ag 11.45am.


Céad Slán le Pádraig Ó Ciardha

Pádraig Ó Ciardha, ó Na hAille ó dhúchas, lena mhuintir ag ócáid a tionóladh an deireadh seachtaine seo caite i nGaillimh lena thréimhse oibre le TG4 a cheiliúradh. Tá Pádraig éirithe as a phost mar Leascheannaire ar TG4, post a bhí aige ó bunaíodh an stáisiún teilifíse sa mbliain 1996. [Pic: Seán Ó Mainnín]

Ar chúl ó chlé: Breandán Ó Mathúna, Caoimhe Ní Chiardha, Seán Ó Ciardha, Jackie McHugh, Leon Butler, Mártan Ó Ciardha

Sa lár: Sorcha Nic Aoidh, Mary Hosty, Pádhraic Ó Ciardha, Máire Mhic Aoidh, Toni Uí Chiardha, Mairéad Ní Chiardha

Chun tosaigh: Caitríona Ní Mhathúna

Tá Pádraig éirithe as a phost mar Leascheannaire ar TG4, post a bhí aige ó bunaíodh an stáisiún teilifíse sa bhliain 1996. [Pic: Seán Ó Mainnín]


Nótaí Chois Fharraige

Cumann Forbartha Chois Fharraige a cuireann Nótaí Chois Fharraige le chéile chuile sheachtain don Churadh Chonnachta, a thagann amach gach Déardaoin. Fáilteofar roimh mhíreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, le foilsiú sa gcolún ach iad a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com ar an Luan roimhré faoi 2.30pm. Is féidir an colún a léamh chomh maith ar an suíomh seo le ábhar breise.